Psailm 106:43-48 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

43. Do sháor sé íad go minic; agus do bhrostuigheadar é le na ccomhairlibh; agus do hísligheadh íad ar son a gcionta.

44. Acht gidheadh do chonnairc sé an tan do bhíodh anacair orra, a nuáir do chúalaidh sé a néighmhe:

45. Agus do chuimhnigh sé dhóibh a chunradh, agus do bhí aithreachus air do réir iomad a thrócaire.

46. Agus thug sé air gach áon dá rug léo íad a mbraighdionas truaighe do dhéanamh dhóibh.

47. Sáor sinn, a THIGHEARNA ar Ndía, agus cruinnigh sinn ó na cineadhachaibh, chum buidheachus do thabhairt dot ainm náomhtha, agus do chaithréimiughadh ann do mholadh.

48. Go madh beannuigh bhías an TIGHEARNA Día Israel ó shíorruigheachd go síorruigheacht: agus abraidis na daóine uile, Amen. Molaidh an TIGHEARNA.

Psailm 106