Psailm 106:3-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Is beannuighe an drong noch choimhéadas breitheamhnus, an tí do ní firéuntas san nuile am.

4. Cuimhnigh orumsa, a THIGHEARNA, re fabhar do dhaoine: fiosruigh mé red shlánughadh;

5. Ionnus go bhfaicfe mé maith do dhaóine toghtha, go ndéana mé gairdeachus a lúathgháire do dhaoine, go ndéana mé glóir led oighreachd.

6. Do pheacuigheamar lé ar naithribh, do rinneamar cionta, do rinneamar neithe coiripe.

7. Níor thuigeadar ar naithre do mhíorbhuilesi san Négipt; níor chuimhnígheadar iomad do thrócaireadha; acht do cheannairgeadar ag an muir, ag an muir Ruáidh.

Psailm 106