Psailm 104:23-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

23. Rachaidh an duine amach chum a oibre agus chum a sháothair go trathnóna.

24. Ca líon hoibreacha, a THIGHEARNA! a neagna do rinne tú íad uile: atá an talamh lán dot shaidhbhrios.

25. A nfairge fós adhbhal fhairsing, annsin atá gach ní shnáighios agus atáid dóáirmhe, beathuighe bheaga agus móra.

26. Annsin imthighid na longa: an míol mór, noch do chruthaigh tusa do shúgradh annsin.

Psailm 104