21. Dfoillsiughadh anma an TIGHEARNA a Sion, agus a mholadh ann Ierusalem;
22. Mar chruinneochtar na daóine a néinfheachd, agus na rioghachda, chum seirbhíse do dhéanamh don TIGHEARNA.
23. Do bhuáidhir sé mo néart annsa tslighe; do ghearraidh sé mo laéthe.
24. A dúbhairt mé, O mo Dhía, na beir as mé a meadhonn mo laéthe: tré ghinealach na nginealach atáid do bhlíadhnasa.
25. O thosach do shuighidh tú bunáit na talmhan: agus síad na flaithis oibreacha do lámh.
26. Meithfidh síad, acht mairfe tusa: rachaid uile a ccaitheamh mar éadach; mar chúlaidh do dhéanair a malairt; agus biáid ar na niomlaóid:
27. Acht is tusa an tí céadna, agus ní críochnochthar do bhlíadhna.
28. Coimhneochuid clann do sheirbhíseach, agus daingneochar a sliochd ad fhiaghnuísi.