Psailm 101:1-5 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Trocaire agus breitheamhnus chanfas mé: dhuitse, a THIGHEARNA, chanfas mé salm.

2. Tuigfe mé a slighe iomláin. Cá huáir thiocfas tú chucam? siubholad a ndíoghruis mo chroidhe a meadhón mo thighe.

3. Ní chuirfiod cúis urchóideach ar bith ós coinne mo shúl: is beag orum gníomhartha na ndaóine noch chláonas; ní cheangoluidh sé dhíom.

4. Deileochuidh croidhe fíochmhar leam: ní aithneocha mé droch dhuine.

5. An té scannluighios a chomharsa ós isiol, géarrfad eision amach: an tárrachta a radharc agus an tuáibhreach a ccroidhe leision ní fhéaduim iomchar.

Psailm 101