Philémoin 1:20-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

20. A seadh, a dhearbhráthair, faghuim gáirdeachas uáid sa Dtíghearna: cómhfurtuigh mo chroídhe sa Dtíghearna.

21. Do sgríobh mé chugad, ar mbeith dhamh munighneach as húmhlachd, ar mbeith a fheasa agam go ndéuna tú ní sa mhó ná mar a deirim.

22. Agus maille ris sin ullmhuigh lóisdín damh: óir atá muinighin agum go bpronnfuighear dhíbh me tré bhur nurnuighíbh.

23. Cuiridh Epaphras (mo chómhphriosúnach a Niósa Críosd,)

24. Marcus, Airistarchus, Démas, agus Lúcas, mo chómhluchd cábhartha, mbeannachd chugad.

25. Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd ré bhur sbioruid. Amen.

Philémoin 1