14. Gidheadh níor áontuigh mé éinní dhéunamh gan do thoilse; ionnus nach bíadh do mhaithse amhuil tré éigean, achd do réir do thola féin.
15. As dóigh gur ab uime dimthigh sé ar feadh tamuill, ionnus go nglacfá é go síorruidhe;
16. Ní mar shearbhfhoghantuighe feasda, achd ós cionn shearbhfhoghantuighe, na dhearbhráthair ghrádhach, go háirighe dhamhsa, a né nach mo ná sin duitse, sa gcoluinn agus sa Dtíghearna?
17. Uime sin má atá cumann eadrad agus misi, gabh chugad é mar mé féin.
18. Agus má rinne sé dioghbháil air bith dhuit nó má dhligheann tú éinní dhe, bíodh sé um leithse;
19. Misi Pól do sgríobh so rém láimh féin, do bhéur díoluidheachd uáim: bíodh nach abruim riot, go ndlighim thú féin fós ós a cheann sin díot.
20. A seadh, a dhearbhráthair, faghuim gáirdeachas uáid sa Dtíghearna: cómhfurtuigh mo chroídhe sa Dtíghearna.
21. Do sgríobh mé chugad, ar mbeith dhamh munighneach as húmhlachd, ar mbeith a fheasa agam go ndéuna tú ní sa mhó ná mar a deirim.