1. Agus ar ndul a loing dhó, do chúaidh sé tar uisge, agus thainic se da chathraigh féin.
2. Agus, féuch, tugadar fear pairilise, na luighe air a leabaidh chuighe: agus an tan do chunnairc Iósa a gcreideamh a dubhairt sé re fear na pairilisi; Biódh muinighin mhaith agad a mhic; ataid do pheacaigh ar na maitheamh dhuit.
3. Agus, féuch, a dubhradar cuid airighe dona sgríobaighibh ionta féin, Atá an fearso a labhairt blaspheime.
4. Agus an tan do chunnairc Iósa a smúaintighthe a dubhairt sé, Créud fá smúaintighthisi uilc ann bhur gcroidhthibh?
5. Oír cía is usa, a rádh, A taid do pheacaigh ar na maitheamh dhuit; nó a rádh, Eirigh, agus siobhail?
6. Achd do chum mbeith a fhios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine peacaigh do mhaitheamh ar an ttalamh, (a deir sé an tansin ré fear na pairilise,) Erigh, tógaidh do leabaigh, agus imthigh dod thigh.
7. Agus ar néirghe dhósan, do chúaigh sé dhá thigh féin.
8. Achd an tan do chunnairc an pubal an nisí, do ghabh iongantas íad, agus tuagadar glóir do Dhía, thug a leitheide sin do chumhachdaibh do dháoinibh.
9. Agus an tan do chúaigh Iósa as a náitsin, do chunnairc sé oglach, na shuighe ag bord an chusduim, dar bhainm Matha, agus a dubhairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirghe dhó, do lean sé é.
10. Agus tainic chum críche, ar suidhe Diosa chum bídh san tigh, féuch, tangadar iomad puibliocánach agus do shuigheadar re Hiosa agus ré na dheisgiobluibh.
11. Agus an tan do chunncadar na Phairisinigh sin, a dubhradar ré na dheisgiobluibhsean, Créud fa nitheann bhur Maighisdirsi a bhfochair na bpuibliocánach agus na bpeacach?
12. Agus an tan do chúalaigh Iósa so, a dubháirt sé ríu, Ní ag an mhuinntir a tá slán atá féidhm ar an líaigh, ach dag an mhuinntir a tá easlán.
13. Achd imthigh, agus foghlomaigh a chíall so, Trócaire is áill leam, agus ní hiódhbuirt: óir ní tháinic misi do ghairm na bhfíréunach, achd na bpeacach do chum aithrighe.
14. Ann sin tangadar deisgióbail Eóin chuige, ag rádh, Créud fa a ndéunmaóidne agus na Phárisinigh iomad triosge, agus nach troisgíd do dheisgiobail sé?