16. Achd an tan do bhí déireadh an láoi ann, tugadar chuige móran ann a rabhadar deamhain: agus do theilg sé na spioruidighe a mach lé na fhocal, agus do shlánaighe sé gach uile dhuine dá raibh easlán.
17. Do chum go gcoimhliónfuighthe an ní a dubhairt Esaias an fhaigh, a deir, Do ghabh seisean ar néagcrúaisne air, agus do iomchair sé ar ngalruighthe.
18. Agus an tan do chunnairc Iósa slúagh mór na thimcheall, do aithin sé dul don táoibh oile.
19. Agus ag teachd do sgríobaigh aírighe, a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, leanfuigh misi thu giodh bé ar bith ball ann a rachaidh tú.
20. Agus a deir Iósa ris, Atáid fúachaisighe ag na sionnchaibh, agus neid ag eanlaithibh a naiéir; achd ní bhfuil áit ag Mac an duine ann a gcúirfeadh sé a cheann.
21. Agus a dubhairt fear eile dá dheisgiobluibh ris, A Thighearna, léig dhamhsa imtheachd ar tús agus máthair daghlacadh.
22. Achd a dubhairt Iósa ris, Lean misi; agus léig dona márbhuibh a mairbh féin daghlacadh.
23. Agus an tan do chúaigh sé a luin, do leanadar a dheisgiobuil é.
24. Agus, féuch, do éirigh sdoirm mhór ar an bhfairge, ionnus gus fholaigheadar na tonna an loug: achd do bhí seisean na chodladh.
25. Agus ar ndul chuige dá dheisciobluibh, do dúisgeadar é, ag radh, A Thighearna, sabháil inn: a támáoid air fagbháil.
26. Agus a deir seisean ríu, Créud fá a bhfuiltí eaglach, a luchd an chreidimh bhig? Ar néirghe dhósan an tansin, do bhagair sé air an ngáoith agus air an bhfairge; agus thainic ciúnas mór ann.