Mhata 8:1-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus tar éis teachda núas don tslíabh dhó do leanadar cuideachda mór é.

2. Agus, féuch, tainic lóbhar chuige agus do shléachd sé dhó, ag rádh, A Thighearna, mádh áill leachd, is éidir leachd misi do ghlanadh.

3. Agus ar síneadh a láimhe, do bhean Iósa ris, ag rádh, Is aill; bí glan. Agus ar an mball do bhí a lobhradh ar na ghlanadh.

4. Agus a deir Iósa ris, Tabhair dod aire gan innisin do dhuine ar bith; achd imthigh, taisbean thú féin don tsagart, agus beir chuige an tiodhlacadh do aithin Máoisi, mar fhíadhnuisi dhóibh.

5. Agus ar ndul Díosa a sdeach go Capernáum, tháinic sentúrion chuige, dá ghuidhe,

6. Agus a rádh, A Thighearna, atá móglach na luighe a sdigh a bpairilis, agus ar na phiánadh go ró íomarcach.

7. Agus a deir Iósa ris, Ag teachd dhamhsa slainéochaigh mé é.

8. Agus ar bhfreagra do chaiptin a dubhairt sé, a Thighearna, ní fíu misi thusa do theachd a sdeach fam chleith: achd a mháin abair an focal, agus sláinéochthar mhóglách.

9. Oír is duine misi féin atá fá chumhachdaibh, ága bhfuilid saighdíuirigh fúm: agus a deirim ris an bhfearso, Imthigh, agus imthighidh sé; agus ris an bhfear oilesi, Tarr, agus thig sé; agus rém shearbhfhoghantaigh, Déuna so, agus do ní se é.

10. Achd ar na cluinsin só Díosa, do ghabh iongantas é, agus a dubhairt sé ris an mhuinntir do bhí na dhiáigh, Go fírinneach a deirim ribh, Nach bhfúair mé a noireadsa do chreideamh, eadhon, a Níosráel.

11. Agus deirim ribh, Go ttiocfuidh morán ó náird shoir agus ó náird shíar, agus suighfid a bhfochair Abhraham, agus Isaac, agus Iácob, sa rioghachd neamhdha.

12. Agus teilfidhthear clan na ríoghachda sa dorchadas atá léith a muigh: biáidh ann sin gul agus gearradh fíacal.

Mhata 8