2. Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrhar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheósfuidhthear dháoibh a rís.
3. Achd oréd fá a bhfaiceann tú an broth atá a súil do dhearbhráthar, agus nach ccuireann tú á numhail an tsail atá ann do shúil féin?
4. No cionnas a deúra tú réd dhearbhráthair, Fulang dhamh an broth do bhúain as do shúil; agus, féuch, an tsail ann do shúil féin?
5. A fhir an fhúarchrábhaidh, bean an tsail ar tús as do shúil féin; agus an sin budh léir dhuit an broth do bháin as súil do dhearbhrathar.
6. Na tabhraidh an ní naómhtha do mhadruighibh, agus na teilgidh bhur gclocha úaisle a bhfíadhnuisi na muc, air eagla go sailteóraidis orrtha lé na gcosuibh, agus ar bhfilleadh dhóibh go dtarroingaidís sibh féin as a chéile.
7. Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh:
8. Oír gach uile neach iárrus glacuidh sé; agus giodh bé lorgaireas do ghéibh sé; agus is don té bhuaileas an dorus oisgéoltar.
9. Oir cía an duine agaibhsi, ma atá gi níarrfuigh a mhac arán, do bhéuradh cloch dhó?
10. Agus mas iásg iárrfus sém an nathair neimhe do bheúradh sé dhó?
11. Ar a nadhbharsin, ma atá a fhios agaibhsi atá olc, tiodhluicthe maithe do thabhairt dá bhur gcloinn, a né nach mó ná sin do bhéuraidh bhur Nathairse atá air neamh neithe maithe don dreim iárrus air iád?
12. Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe.
13. Imthighidh a sdeach sa dorús chumhann: óir is farsing an dorus, agus is leathan an tslighe, thréoraigheas do chum damanta, agus is mór théid a sdeach thríthe:
14. Do bhrígh gur cumhann an doras, agus is caól an tslighe thréoraigheas chum na beatha, agus is beag do gheibh eólus uirrthe.
15. Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda.
16. Air a ttórrthaibh aitheóntaoi íad. An gcrunnighid daóine caóra fíneamhna do dhriseach, no fígighe do na fothannanaibh?
17. Is mar sin do bheir gach uile chrann maith tórrtha maithe; achd do bheir an drochchrann drochthórrtha.
18. Ní héidir leis an gcrann maith drochthórrtha diomchar, na leis an gcrann gcrion tórrtha maithe do thabhairt.
19. Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus téilgthear san teinidh é.
20. Ar a nadhbharsin is air ttórthaibh aitheontaói íad.