26. A deirim riot go fírinneach, Nach rachaidh tú as sin a mach, nó go míoca tú an fheórling dheigheanach
27. Do chúalabhair go ndubhradh ris na seinsearaibh, Ni dhéana tú adhaltrannas:
28. Achd a deirimsi ribh, Giodh bé neach fhéuchas air mhnáoi chum a sanntaighthe go ndearnuidh sé adhaltrannas lé cheana ann a chroidhe.
29. Ar a nadhbharsin mas cionntach do shúil deas, bean asad í, agus teilg uáit í: óir is fear dhuit aónbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile do theilgean go hifearn.
30. Agus má bheir do lámh dheas sgannail dhuit, gear dhiot í, agus teilg uait í: óir is fear dhuit áonbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile theilgean go hifearn.
31. Agus a dubhradh, Giodh bé leígtheas a bhean, tabhradh sé leitir dhealaighthe dhi:
32. Achd a deirimsi ribh, Giodh bé neach léigfeas a bhean, (achd amháin ar son adhaltrannais,) go dtugann se uirrthe adhaltrannas do dhéunamh: agus an té do bhéaraidh an bheansin do léigeadh do ní sé adhaltrannas