Mhata 5:15-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Agus ní lasaid dáoine coinneal do, chum go gcuirfidis fa bhéul buiséal í, achd a gcoinnléoir; agus ní sí solas dá a mbíonn a stigh.

16. Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh said bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.

17. Na measaidh go dtaínic misi do sgáoileadh an dlighidh, nó ná bhfaigheann: ní dá sgáoileadh thainic mé, achd dá gcoimhlionadh.

18. Oir a deirim ribh go firinneach, No go ndeachaidh neamh agus talamh thort, ní rachaidh éan iota na áonphunc don dligheadh thort, nó go gcoimhlíontar gach éin ní.

19. Ar a nadhbharsin giodh bé neach bhrisfeas áonaithne do na haitheantaibh robheagaso, agus theagaisgfeas na dáoine mar sin, goirfidhthear dhe an duine is lúgha a rioghachd neimhe: achd giodh bé neach dhéanas agus theagaisfeas iád, goirfidh thear duine mór dhe a rioghachd neimhe.

20. Oír a deirim ribh, Muna sáruighidh bliur bhfíreantachdsa fíreantachd na sgríobuigheadh agus na phairisíneach, nach rachdaói a steach sa bhflaitheas neamhdha go bráth.

21. Do chúalabhair go ndubhradh ris na seinnsearaibh, Na déuna dúnmharthadh; agus gidh bé do dhéanas dúnmharbhadh biaidh sé cionntach ó bhreitheamhnas:

22. Achd a deirimsi ribh, Gach neach do ní fearg re na dhearbhráthair gan adhbhar budh cionntach don bhreitheamhnus é: agus gíodh bé neach a déaruidh ré na dhearbhráthair, Raca, budh cionntach do bhreith na comhairle é: agus giodh bé a déaruidh, A amadain, budh cionntach é do theinigh ifeirn.

23. Uime sin ma thugann tú do thabhartus chum na lialtóra, agus go gcuimhneochaidh tú ann sin go bhfuil ní ar bith ag ad dhearbhrathair a daghaidh;

Mhata 5