1. Agus an tan chunnairc an slúagh, do chuáidh sé súas ar shliabh: agus ar suighe dhó tangadar a dheisgiobuil chuige:
2. Agus ar nosgladh a bhéil dhó, do theagaisg sé iád, ag rádh,
3. Is beannuighthe na boichd a sbioruid óir is leó ríoghachd neimhe.
4. Is beannuighthe na daóine do ní dobhrón: óir do gheabha said sólás.
5. Is beannuighthe na daóine ceannsaighe: óir bíaidh oighreachd na talmhan aca.
6. Is beannuighthe an dream air a bhfuíl ocras agus tart na córa: óir sáiseochthar iád.