1. Agus a ndeireadh na sábbaide, an tan do shoillsigh an céud lá don tseachdmhuin, táinic Muire Mhagdalén agus an Mhuire eile, dféachain an túama.
2. Agus, féuch, do bhí crith mór talmhan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tighearna a núas ó neamh, táinic sé, agus diomlait sé an chloch ón dorus, agus do shuigh sé uirrthe.
3. Agus do bhí a ghnúis mar mar theinnteach, agus a éadach geal mar shneachda:
4. Agus do chriothnuigheadar an luchd coimhéada ar a eaglasan, agus do bhádar a riochd mhairbh.
5. Achd ar bhfreagra do naingeal a dubhairt sé ris na mnáibh, Ná bíodh eagla oruibhsi: óir atá a fhios agam, gur ab é Iósa do crochadh a tátháoi díarruigh.
6. Ní bhfuil sé ann so: óir do eirigh sé, mar a dubhairt sé, Tigidh, féachaidh a náit an a raibh an Tighearna na luighe.