Mhata 27:47-55 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

47. Agus ar na chloisdin sin a dubhradar cuid dá raibh na seasamh a láthair an sin, Atá an fearso ag gairm Elías

48. Agus do rith fear dhiobh ar an mball, agus ar nglacadh spuinc, agus ar na lionadh do bhinéigre, agus ar na chur a dtímcheall shlaite ghiolcaigh, tug sé deoch dhó ré nól.

49. Achd a dubhradar an chuid eile, Léig dhó, faiceam an dtiocfa Elías dá sháoradh.

50. Agus ar néigheamh a rís Díosa, do ghuth mhór, do chúaidh a spiorad as.

51. Agus, féuch, do réub brat roinnte an teampoíll na dhá chuid ó úachdar go hióchdar; agus do criothnuigh an talamh agus do sgoilteadar na cairgeach;

52. Agus dosgladar na tuámaidhe; agus déirgheadar morán do chorpuibh na ndáoine náomhtha do bhí na gcodladh,

53. Agus ar ndul a mach as na tuámuidhibh dhoibh a ndiaigh a eiséirghesean, do chúadar a sdeach do chathuir náomhtha, agus do fhoillsigheadar íad féin do mhórán.

54. Achd ar bhfaicsin an chreatha talmhon, agus na neitheadh do éirigh ann, don chaptín agus dá raibh na fhochaír, ag coimhéad Iósa, do ghabh eagla mhór íad, ag rádh, Go fírinneach dob é so mac Dé.

55. Agus do bhadar ann sin móran ban ag féachain air a bhfad úadh, no lean Iósa ón Ghalile, ag déanamh seirbhise dhó.

Mhata 27