Mhata 27:44-48 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

44. Agus tugadar na gaduighthe, do chrochadh maráon ris, an scannail chéadna dhó.

45. Agus do bhí dorchadas ar an dtalamh uile ón seiseadh húair go sóithe an náomhadh húair.

46. Agus timcheall an náomhadh húair do éigh Iósa do ghuth ard, ag rádh, Elí, Elí, lama Sabactáni? sé sin re rádh, Mo Dhía, mo Dhiá, créd far thréig tú mé?

47. Agus ar na chloisdin sin a dubhradar cuid dá raibh na seasamh a láthair an sin, Atá an fearso ag gairm Elías

48. Agus do rith fear dhiobh ar an mball, agus ar nglacadh spuinc, agus ar na lionadh do bhinéigre, agus ar na chur a dtímcheall shlaite ghiolcaigh, tug sé deoch dhó ré nól.

Mhata 27