Mhata 27:15-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Achd cheana do chleachdadh an túachdarán bráighe do leigean a mach lá an fheusda chum an phobuil, an té budh áill léo.

16. Agus do bhí aca an tan sin braíghe ró oirdheirc dar bhainm Barabbás.

17. Ar a nadhbharsin ar na gcruínniughadhsan, a dubhairt Pioláit rui, Cia is toil libh do léigean chugaibh? Barabbas, nó Iósa ré nabarthar Críosd?

18. Oír do bhí a fhios aige gur ab tré thnúth tugadar úatha é.

19. Agus ar suidhe dhósan an a ccaithír bhreitheamhnuis, do chuir a bhean teachduireachd chuige, ag rádh, Ná biodh búain agad ris an bhfiréun úd: óir is mór do fhuiling misi a níugh a mbrionglóid ar a shon.

20. Achd cheana tugadar úachdaráin na sagart agus na sinnsir fá deara don phobal Barabbás diarruigh, agus Iósa do chur chum báis.

21. Agus ar bhfreagra don úachdarán a dubhairt sé ríu, Cía don días úd is mían libh do leígean chugaibh dhamh? Achd a dubhradarsan, Barabbás.

22. A dubhairt Pioláid ríu, Ar an nadhbharsin créd do dhéana mé ré Hiósa, re nabarthar Críosd? a dubhradarsan uile ris, Crochthar é.

23. Agusa dubhait an túachdarán, Créd é, an tolc do rinne se? Achd is móide do éighmheadarsan, ag rádh, Crochthar é.

Mhata 27