Mhata 27:11-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Agus do sheas Iósa a bhfíadhnuisi an úachdaráin: agus do fhíafruigh an túachdarán de, ag rádh, An tusa an Rí úd na Niúdaighe? Agus a dubhairt Iósa ris, A deir tusa sin.

12. Agus an tan do éligheadar na hárdsagair agus ná sinnsir é, níor fhreagair sé én ní.

13. A deir Pioláit ris an tansin, An né nach ccluin tú créd a líonmhuireachda táid so do dhéanamh dfíadhnuisi ad aghaidh?

14. Agus ní thug sé freagra ar éanfhocal do: ionnus gur ghabh iongantus mór an túachdarán.

15. Achd cheana do chleachdadh an túachdarán bráighe do leigean a mach lá an fheusda chum an phobuil, an té budh áill léo.

16. Agus do bhí aca an tan sin braíghe ró oirdheirc dar bhainm Barabbás.

17. Ar a nadhbharsin ar na gcruínniughadhsan, a dubhairt Pioláit rui, Cia is toil libh do léigean chugaibh? Barabbas, nó Iósa ré nabarthar Críosd?

18. Oír do bhí a fhios aige gur ab tré thnúth tugadar úatha é.

Mhata 27