Mhata 27:1-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus ar tteachd na maiden, do chúadar na hárdsagart, agus sinnsir an phobuil uile a ccomhuirle a naghuidh Iósa ionnas go ccuirfidis chum báis é:

2. Agus na cheangal dhóibh, rugadar léo é, agus thugadar do Phóinnsius Piláit an túachdarán é.

3. Ann sin mar do chonnairc Iúdas, do bhraith é, gur damnuigheadh é, do ghabh aithreachas e, agus do aisig sé na deich bpiósa fhithchead airgid do na hárdsasgartuibh agus do na sinnsearuibh,

4. Ag rádh, Do pheacaigh mé ag brath na fola neimhchiontaigh. Achd a dubhradarsan, Créd é sin dúinne? Féuch féin dó sin.

5. Agus ar dteilgean na bpíosadh airgid úadh ann sa teampoll, do dhealuigh sé ríu, agus ar nimtheachd do thochd sé é féin.

6. Achd ar nglacadh an airgid do na hárdsagartuibh, a dubhradar, Ní coir a gcur ann sa chisde, oir is lúach fola iad,

7. Agus ar ndéanamh comhairle dhóibhsean, do cheannchadar léo mach an photadóir, do chum eachdrann dadhlucadh ann.

8. Ar a nadhbharsin goirthear don fhearunn úd, Fearann na fola, gus a niugh.

9. (Ann sin do coimhlíonadh an ní a dubhradh tré Ieremías fáidh, ag rádh, Do ghabhadar chuca na deich nairgid fhithchead, lúach an té do measadh, do bhí ar ná mheas ó chlannuibh Israél;

10. Agus tugadar íad ar mhach an photadóir, mar dórduigh an Tighearna dhamhsa.)

11. Agus do sheas Iósa a bhfíadhnuisi an úachdaráin: agus do fhíafruigh an túachdarán de, ag rádh, An tusa an Rí úd na Niúdaighe? Agus a dubhairt Iósa ris, A deir tusa sin.

12. Agus an tan do éligheadar na hárdsagair agus ná sinnsir é, níor fhreagair sé én ní.

13. A deir Pioláit ris an tansin, An né nach ccluin tú créd a líonmhuireachda táid so do dhéanamh dfíadhnuisi ad aghaidh?

Mhata 27