58. Agus do lean Peadar a bhfad úadh é, go palais a nardshagairt, agus ar ndul a sdeach dhó, do shuidh sé a bhfochair na searbhfhoghantuidheadh, do chum go bhfaicfeadh sé an deireadh.
59. Agus do iarradar úachdaráin na sagart, agus na seinnsir, agus an chomhairle uile, fiadhnuisi bhréige a naghuidh Iósa, ionnas go gcuirfidis chuin báis é;
60. Agus ní fhúaradar: agus fós, gé thangadar mórán dfíadhnuisibh fallsa, ní fhúaradar. Agus fa dheireadh ar dteachd do dhiás dfíadhnuisibh bréagacha,
61. A dubhradar, A dubhairt an fearso, Is éidir leamsa teampoll De do leagadh, agus a thógbhail a dtrí lá.
62. Agus ar neírghe do nárdshagart, a dubhairt sé ris, Nach ttugann tú freagra éigin úait? créd fa bhfuilid so ag deanamh fíadhnuisi ad aghuidh?
63. Gidheadh níor labhair Iósa áonfhocal. Agus do fhreagair an tárdshagart agus a dubhairt sé ris, Cuirim ort a huchd Dé bhí, innisin dúinn an tú Críosd, Mac Dé.
64. A deir Iosa ris, A dubhairt tusa é: achd cheana a deirimsi ribh, Na dhiaigh so do chifidhe Mac an duine na shuidhe ar deas láimh chumhachd Dé, agus ag teachd a néullibh neimhe.
65. Ann sin do réub an tárdshagart a éaduighe, ag rádh, Gur labhair sé blaisphéime; créd í a nuireasbhuidh fiadhnuisi a tá oruinn ní sa mo? féuch, do chúalabhair a nois a bhlaisphéime.