Mhata 26:34-50 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

34. A dubhairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneach, Suil ghláoidhfeas an coileach a nochd, séanfa tú mé trí húaire.

35. A deir Peadar ris, Go deimhin más éigin damh bás dfulang ad fhóchair, ní shéanfa mé thú. Agus a dubhradar na deisciobuil uile mar an gcéadna.

36. Do chúaidh Iósa léo an trathsin do nionad dá ngoirthear Gétsémane, agus a deir sé ré na dheisciobluibh, Suidhighsi ann so, go ndeacha misi do dhéanamh urnuighthe ann súd a nunn.

37. Agus ar mbreith Pheadair agus deisi mac Sebedeí leis, do thionnsgain sé bheith go dobrónach agus go rothuirseach.

38. Ann sin a deir sé ríu, A tá manám lán do dhobrón, go soithe an bhás: fanuidhsi ann so, agus déanaidh faire am fhochair.

39. Agus ar nimtheachd dó beagán as sin, do leig sé é féin siós ar a aghuidh, ag déanamh urnuighe, agus ag rádh, A Athair, mas éidir é, gabhadh an cupánsa thoramsa: achd cheana na bíodh sé már is toil leamsa, achd mar is áill leatsa.

40. Agus tig sé chum a dheisciobal, agus do gheibh sé na gcodladh íad, agus a deir sé ré Peadar, An mar sin, nar bhéidir libh faire do dhéanamh áonuáir a mháin am fhochairsi?

41. Déanuidh faire agus urnuighthe, do chum nach ttuitfeadh sibh a gcathughadh: A tá an spiorad go deimhin ullamh, achd a tá an cholann anbhfann.

42. Do imthigh sé an dara húair, agus do rinne sé urnuighthi, ag rádh, A Athair, má tá nach éidir leis an gcupánsa dul thoram, gan mé dhá ol, deantar do thoilse.

43. Agus ar dteachd dhó fúair sé a ris na gcodladh íad: oír do bhádar a súile tróm.

44. Agus ar na bhfagbháil, do imthigh sé a rís, agus do rinne sé urnuighe an treas úair, ag rádh na mbríathar céadna.

45. Ann sin tig sé chum a dheisciobal, agus a deir sé ríu, Codluidh feasda, agus comhnuighidh: féuch, do dhruid a núair rinn, agus a tá Mac an duine agá thabhairt a lámhaibh na bpeacach.

46. Eírghidh, bíom ag imtheachd, féuch, is fogus duinn an té bhraitheas misi.

47. Agus an feadh do bhí sé ag rádh ná mhríatharsa, féuch, táinic Iúdas, duine don dá fhear dhég, agus cuideachda mhór na fhochair maille lé cloidhmhibh agus lé batuidhibh, ó úachdaránuibh na sagart, agus ó shinnsearuibh an phobail.

48. Achd tug an fear do bhrath é comhartha dhóibhsean, ag rádh, Giodh bé neach dhá dtiobhra misi póg, a sé sin é: beiridh air.

49. Agus ar an mball a núair tháinic sé chum Iósa, a dubhairt sé, Go mbeannuighthear dhuit, a mhaighisdir; agus tug sé póg dhó.

50. Agus a dubhairt Iósa risean, A chara, créd fá dtaínic tú? Tangadarsan an tráthsin, agus do chuireadar lámh a Niósa, agus do ghabhadar é.

Mhata 26