14. Ann sin do imthigh fear don dá fhear dhég, dar ab ainm Iúdas Iscairiótes, chum úachdarán na sagart.
15. Agus a dubhairt sé ríu, Créd do bhéartháoi dhamhsa, agus braithfidh mé dháoibh é? Agus do mheadhuigheadar dhó deích bhpíosa fhichead airgid.
16. Agus ó sin a mach, do íarr sé úain airsean do bhrath.
17. Agus an chéad lá a naráin gan laibhín tangadar a dheisciobuil chum Iósa, ag rádh ris, Cía a náit an as toil leachd sinne do dhéanamh ullmhuighthe dhuit do chaitheamh na cásga?
18. Agus a dubhairt seisean, Imdhigh don chathruigh go duine áirighe, agus abruidh ris, A deir an Maighisdir, A tá maimsear ag drud riom; is ad thighsi do dhéana mé fein agus mo dheisciobuil an cháisg.
19. Agus do rinneadar na deisciobuil mar do aithin Iósa dhíobh; agus do ullmuigheadar an cháisg.
20. Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, do shuidh sé a bhfochair an dá fhear dhéug.
21. Agus ar mbeith ag ithe bídh dhóibh, a dubhairt sé, A deirim ribh go firinneach, go mbraithfi fear dhíbh misi.
22. Agus do ghabh dobhrón romhór íadsan, agus do thionnsgain gach duine aca fá leith a rádh ris, An misi é, a Thighearna?
23. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, An té thumas a lámh ann sa méis am fhochairsi, a sé bhraithfeas misi.