Mhata 25:4-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Achd an chuid do bhi glic rugadar ola ann a soithighibh léo ré cois a lampuidhe.

5. Agus ar ndéanamh moille don fhior núaphósda, do thuit smédearnach chodalta orrtha uile agus do chodladar.

6. Agus ann sa mheadhón oidhche, do rinneadh gáir, Féuch, a tá an fear núaphósda ag teachd; imdhighidh a mach do theagmháil air.

7. Agus sin do eirgheadar na hógha uile, agus do dheasuigheadar a lampuidhe.

8. Agus a dubhradar na hoínmhide an gcuid nglic, Tabhruidh dhúinne cuid da bhur nola; oír a táid ar lampuidhene ar ndul as.

9. Achd do fhreagradar an chuid glic, ag rádin, Ar eagla nach mbiadh ar sáidh aguinn féin agus aguibhsi: imdhighsi ní as táosga chum na gceannuightheadh, agus ceannchuighe ola dhíbh féin.

10. Agus an feadh do bhádar ag dul do cheannach, táinic an fear núaphósda; agus an chuid úd do bhí ullamh, do chúadar leis a sdeach chum an phósda: agus do híadhadh an dorus.

11. Agus na dhíaighsin tángadar na hógha eile mar an gceadna, ag rádh, A Thighearna, a Thighearna, osguil dúinne.

12. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Go fírinneach a deirim ribh, Nach bhfuil a fhios agam cía sibh.

13. Ar a nadhbharsin déanuidh faire, oír ní bhfuil fios an láoi ná na húaire agaibh an a dtiocfuidh Mac an duine.

14. Oír ata ríochd neimhe amhuil as do ghoir duine ag dul a gcoigcrích, a shearbhfhoghantuidhe chuige, agus tug sé a shaidhbhreas dóibh.

15. Agus tug sé cúig tallanna do dhuine aca, agus do dhuine eile a dó, agus a háon do dhuine eile; do ghach neach do réir a acfuinne; agus ar an mball do imthigh sé a gcoigcrích.

16. Agus do imthigh an té fúair na cúig talanna, agus do rinne sé ceannuigheachd léo, agus do ghnodhuigh sé cúig tallanna eile leó.

17. Agus ar an nós céadna an té fúair an dá thallainn, do ghnodhuigh séisean da thalluinn eile.

18. Achd do imthigh an té úd fúair a náon tallunn, agus do rinne sé tochuilt ann sa talamh, agus do fholuigh sé airgead a thighearna ann.

19. Agus tar éis aimsire faide tháinic tighearna na searbhfhoghantuidheadh úd, agus do ní sé cúntus ríu.

Mhata 25