Mhata 25:39-44 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

39. Nó gá húair do chonncamar tinn, no a bpríosún thú, agus tangamar chugan?

40. Agus freagóruidh an Rí agus a déara sé ríu, A deirim ribh go fírinneach, An feadh do rinneabhair é don duine is lugha do na dearbhráithreachaibhsi agumsa, go ndearnabhair dhamhsa é.

41. Ann sin a déara sé mar gcéadna ré luchd na láimhe clí, A dháoine malluighthe, imthidhidh úaim ann sa teinidh shiorruídhe, atá ar na hullmhughadh don diabhal agus dá ainglibh:

42. Oír di bhí mé ocrach, agus ní thugabhair bíadh dhamh: do bhí tart oram, agus ní thugabhuir deoch dhamh:

43. Do bhí mé coigcríche, agus ní thugabhair áoidheachd dhamh: do bhí mé lomnochd, agus níor chuireabhair éadach umam: do bhí me éagcrúaidh, agus a bpríosún, agus ní thangabhair dom fhéachuin.

44. Ann sin do bhéaruid siádsan mar an gcéadna freagra air, ag rádh, A Thighearna, gá húair do chonncamairne ocarach, nó tartmhar, ná ad dhéoruigh, no lomnochd, nó éagcrúaidh, no a bpríosún thú, agus nach dearnamar friotholamh dhuit?

Mhata 25