Mhata 25:21-35 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Agus a dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mháith fhírinnigh: do bhí tu ionnruic ar bheagán, cuirfudh mé ós cionn mhóráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachus do thighearna féin.

22. Agus ar dteachd chuige don té úd fúair an dá thallann thug tú dhamhsa: féuch, do ghnodhuigh mé dhá thallann eile léo.

23. A dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mhaith ionnruic; do bhí tu ionnruic a mbeagan, cuirfidh misi ós cionn mhoráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachas do thighearna féin.

24. Agus ar dteachd don té úd fúair a náontallon a dubhairt sé, A thighearna, do bhí a fhios agam gur dhuine crúaidh thú, bhéanus ann sa náit na chuir tú siól, agus chruinnigheas ann sa náit nach ar eathnuigh tú:

25. Uime sin do ghabh eagla misi, agus do imthigh mé agus do fholuigh mé do thallánn ann sa talamh: féuch, ag sin do chuid féin agad.

26. Agus ar bhfreagra dhá thighearna, a dubhairt sé ris, A dhroichshearbhfhoghantuidhe fhallsa, do bhí a fhios agad go mbeanuimsi ann sa náit nach ndearna mé siólchur, agus go gcruinnighim ann sa náith nar leathnuigh mé:

27. Uime sin do budh coir dhuitsi mo chuid airgid do thabhair do luch iomluit, agus ag teachd damh do gheabhuinn mo chuid féin maille lé biseach.

28. Ar a nadhbharsin beanuigh dhe an tallann, agus tabhruigh é don tí úd aga bhfuilid ne deich dtallanna.

29. (Oir do bhéarthar do ghach dhuine agá bhfuil ní, agus bíaidh a sháith aige: achd an té a tá gan ní aige toigebhthar úadh fós an ní a tá aige.)

30. Agus teilgidh an searbhfhoghantuidhe neamhtharbhach ann sa dorchadus a tá leith a muich: mar a mbía gul agus giósgan fíacal.

31. Agus an tráth thiocfas Mac an duine an a ghlóir féin agus na haingil náomhtha uile maille ris, ann sin suidhfidh sé ar chaithír a ghlóire féin:

32. Agus cruinnéochthar na huile chinidheacha an a fhíadhnuisi: agus dealóchuidh sé ó chéile íad, mar dhealuigheas an táoghaire na cáoirigh ó na meannáin:

33. Agus cuirfidh sé na cáoirigh ar a láimh dheis, agus na meannáin ar a láimh chlé.

34. Ann sin a déara an Rí ris an luch bhías air a láimh dheis, Tigidh, a dháoine beannuighthe Matharsa, gabhuidh chugaibh óighreachd na ríoghachda a tá ar na hullmhughadh dháoibh ó thosach an domhuin:

35. Oír do bhí ocarus oram, agus tugabhair ní ré a ithe dhamh: do bhí tart oram, agus tugabhair deoch dhamh: do bhí mé am dhuine coigcríche, agus tugabhair áoidheachd dhamh:

Mhata 25