Mhata 25:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Ann sin budh cosmhuil ríoghachd neime ré deichneabhar maighdean, do ghlac a lampuidhe, agus do chúaidh a mach do theagmháil ar an bhfear núaphósda.

2. Agus do bhí cúigear dhióbh glic, agus cúigear eile oínmhídeach.

3. Agus an chuid do bhí oinmhideach ar nglacadh a lampuidhe, ní rugadar ola léo:

4. Achd an chuid do bhi glic rugadar ola ann a soithighibh léo ré cois a lampuidhe.

5. Agus ar ndéanamh moille don fhior núaphósda, do thuit smédearnach chodalta orrtha uile agus do chodladar.

6. Agus ann sa mheadhón oidhche, do rinneadh gáir, Féuch, a tá an fear núaphósda ag teachd; imdhighidh a mach do theagmháil air.

7. Agus sin do eirgheadar na hógha uile, agus do dheasuigheadar a lampuidhe.

8. Agus a dubhradar na hoínmhide an gcuid nglic, Tabhruidh dhúinne cuid da bhur nola; oír a táid ar lampuidhene ar ndul as.

Mhata 25