1. Ann sin budh cosmhuil ríoghachd neime ré deichneabhar maighdean, do ghlac a lampuidhe, agus do chúaidh a mach do theagmháil ar an bhfear núaphósda.
2. Agus do bhí cúigear dhióbh glic, agus cúigear eile oínmhídeach.
3. Agus an chuid do bhí oinmhideach ar nglacadh a lampuidhe, ní rugadar ola léo:
4. Achd an chuid do bhi glic rugadar ola ann a soithighibh léo ré cois a lampuidhe.
5. Agus ar ndéanamh moille don fhior núaphósda, do thuit smédearnach chodalta orrtha uile agus do chodladar.
6. Agus ann sa mheadhón oidhche, do rinneadh gáir, Féuch, a tá an fear núaphósda ag teachd; imdhighidh a mach do theagmháil air.
7. Agus sin do eirgheadar na hógha uile, agus do dheasuigheadar a lampuidhe.
8. Agus a dubhradar na hoínmhide an gcuid nglic, Tabhruidh dhúinne cuid da bhur nola; oír a táid ar lampuidhene ar ndul as.
9. Achd do fhreagradar an chuid glic, ag rádin, Ar eagla nach mbiadh ar sáidh aguinn féin agus aguibhsi: imdhighsi ní as táosga chum na gceannuightheadh, agus ceannchuighe ola dhíbh féin.
10. Agus an feadh do bhádar ag dul do cheannach, táinic an fear núaphósda; agus an chuid úd do bhí ullamh, do chúadar leis a sdeach chum an phósda: agus do híadhadh an dorus.