Mhata 24:2-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Agus a dubhairt Iósa riu, An bfaicthí íad so uile? go fírinneach a deirimsi ribh, Nach bfúigfidhthear cloch ar muin chloiche ann so, nach sgáoilfidhthear.

3. Agus ar suighe dhó ar shlíabh na noluidheadh, do chúadar a dheisciobuil chuige go priobháideach, ag rádh, Innis dúinne, gá húair thiocfuid na neithesí chum criche, agus créd é comhartha do theachdasa, agus dheiridh an tsáoghail?

4. Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé riu, Tabhruidh dá bhar naire nach meallfa eín neach sibh.

5. Oír tiocfuid móran am mainmsi, ag rádh, Is misi Criósd; agus meallfuid mórán.

6. Do chluinfithí cogthuidh agus túarasgbháil cogthadh: tabhruidh dá bhur naire gan búaidhreadh do bheith oruibh: oír is éigin na neithesi uile do theachd chum críche, achd ní bhfuil deireadhann fós.

7. Oir éiréochuidh cineadh a naghaidh ríoghachda: agus beíd górta, agus pláighean na, agus crioth talmhan, a móran dáitibh.

8. Achd ní bhfuil ionnta so uile achd, tosach amhgar.

9. Ann sin do bhéaruid síad sibhsi dá bhur gcéasadh, agus muirfid sibh: agus bíadh fúath ag na huile chíneadhachuibh dháoibh ar son manmasa.

10. Ann sin do gheabhuid móran adhbhar oilbheime, agus braithfid dáoine a cheile, agus bíaidh fúath aca dhá chéile.

11. Agus éiréochuid mórán dfáidhibh fallsa, agus meallfuid mhórán.

12. Agus do bhrigh go mbía a néagcóir ar na meadughadh, fúairéochuidh carthannachd mhóráin.

13. Achd gidh bé bhías seasmhach go deireadh, a sé shláineochthar.

14. Agus do dhéantar an soisgéulsa na ríoghachda do sheanmóir ar feadh an domhain uile; mar fhíadhnuisi do na huile chineadhachuibh; agus ann sin tiocfuidh an deireadh.

15. Ar a nadhbharsin an tráth do chífidhe adhfhúathmhuireachd an léirsgrios, air ar labhair Dániel fáidh, na seasamh ann sa nionad choisreagth: (tuigeadh, an té léaghas:)

16. Ann sin an luchd bhiás a ttier Iúdaighe teitheadh síad fá na sléibhtibh:

17. An té a tá ar mhullach an tighe na tigheadh sé a núas do bhreith neithe ar bith leis as a thigh:

18. Agus an té a tá ar an machaire na filleadh sé ar ais do thógbháil a eaduigh leis.

19. Agus budh trúagh do na mnáibh torrcha, agus don luchd do bheir cíche úatha ann sna laithibhsin.

20. Agus guidhidh gan bhur dteitheadh do bheith ann sa ngeimhreadh, na sa tsabhóid:

Mhata 24