Mhata 24:14-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Agus do dhéantar an soisgéulsa na ríoghachda do sheanmóir ar feadh an domhain uile; mar fhíadhnuisi do na huile chineadhachuibh; agus ann sin tiocfuidh an deireadh.

15. Ar a nadhbharsin an tráth do chífidhe adhfhúathmhuireachd an léirsgrios, air ar labhair Dániel fáidh, na seasamh ann sa nionad choisreagth: (tuigeadh, an té léaghas:)

16. Ann sin an luchd bhiás a ttier Iúdaighe teitheadh síad fá na sléibhtibh:

17. An té a tá ar mhullach an tighe na tigheadh sé a núas do bhreith neithe ar bith leis as a thigh:

18. Agus an té a tá ar an machaire na filleadh sé ar ais do thógbháil a eaduigh leis.

19. Agus budh trúagh do na mnáibh torrcha, agus don luchd do bheir cíche úatha ann sna laithibhsin.

20. Agus guidhidh gan bhur dteitheadh do bheith ann sa ngeimhreadh, na sa tsabhóid:

21. Oír bíadh amhgar mór ann tráthsin, amhail nach raibh ann ó thús an domhain gus a nois, agus nach mbiaigh go bráth.

Mhata 24