30. Agus a deirthí, Da mbémis ann a láethibh ar naithreach, ní bhémis pairteach ríu a bhfuil na bhfáidheadh:
31. Agus is mar sin do níthí fíadhnuisi bhar naghuidh féin, gur ab sibh clan na muinntire úd do mharbh na fáidhe.
32. Agus líonuidhsi mar an gcéadna miosúr bhar náithreacha féin.
33. A aithreacha neimhe, a shiól na naithreach neimhe, coinnas is éidir libh teitheadh ó dhamnughadh ifeirn?
34. Ar a nadhbharsin, féuch cuirimse chugaibh fáidhe, agus daoine glioca, agus sgríobuidhe: agus cuirfidhísi chum báis, agus crochfuidhthí cuid dhíobh; agus sgiúrsfuithi cuid éile ann bhur síonagogaibh, agus díbéortháoi íad ó chathair go cathair:
35. Do chum go dtiocfadh oruibh gach uile fhuil fhiréanta dar dóirteadh ar an dtalamh, ó fhuil Abél fhíréanta go fuil Shacharías mhic Barachías, noch do mharbhabhairsi eidir an teampoll agus a naltóir.
36. Go fírinneach a deirimsi ribh, Go dtiocfuid na neithesi uile ar an dínesi.
37. A Iérusaléim, A Iérusaléim, mharbhus na fáidhe, agus ghabhus do chlochuibh ar an luchd chuirthear a ttíonsaidh, créd a mhiónca do budh áill leam do chlann do chruinníughadh re cheile, mar chruinnigheas an chearc a gearrcuigh fa na sgiathánaibh, agus níor bháill leachd!
38. Féuch, fágfuithear bhur dtigh agaibh na fhásach.
39. Oir a deirimsi ribh, Nach bhfaicfithí misi feasda, no go nabartháoi, Is beannuighthe an tí thig a nainm an Tighearna.