10. Na goirthear doctúiridhe dhíbh: óir is áon Ndoctúir a tá agaibh, Criósd.
11. Achd an té is mó eadruibh, biodh sé na óglach aguibh.
12. Oír giodh bé áirdeochus é féin ísleochthar é; agus giodh bé ísleochas é féin, airdeochthar é.
13. Achd is anáoibhinn dáoibhsi, a sgriobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhuidh! do bhrígh go ndruigthí rioghachd neimhe rés na ndáoinibh: oír ní théighthí féin a sdeach, agus ní fhuilngthí don luch a tá ag dul a sdeach dul ann.
14. Is anáoibhínn dáoibh, a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír ithtí tíghe na mbaintreabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ar urnuighe: ar a shon so do geabhtháoi an breitheamhnus is truime.