40. Is ann sa dá aithnese atá suim an dlighe, agus na bhfáidheadh.
41. Agus an tan do bhádar na Pharisinigh cruinn a bhfochair a cheile, do fhíafruidh Iósa dhíobh,
42. Ag rádh, Créd do chithear dhíbhse a dtimcheall Chriósd? cía dár mhac é? A deiridsean ris, Mac Dháibhí.
43. A deir seisean ríu, Ma seadh cionnas ghoireas Daibhí san spioruid Tighearna dhe, ag rádh,
44. A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearna sa, Suidh ar mo láimh dheis, no go gcuire mé do náimhde na sdol fád chosuibh?
45. Ar a nadhbharsin ma ghoireann Dáibhí Tighearna dhe, cionnas a tá sé na mhac aige?
46. Agus níor bhéidir lé háonnduine freagra ar bith do thabhairt air, agus níor lamh éinneach ón lásin suás ní ar bith dfíafruighe dhe.