3. Agus do chuir sé a shearbhfhoghantuidhe do ghairm na muinntire fúair cuireadh chum na bainnse: achd niór bháill leósan theachd.
4. A rís, do chuir sé shearbhfhoghantuidhe eile chuca, da rádh, Abruighsi ris an mhuinntir úd dár tugadh cuireadh, Féuch, do ullmhuigh mé mó dhínnéir; á táid mo dhaimh agus mainmhinntighe bíadhta ar na marbhadh, agus a tá gach uile ní ullamh: tigidh chum na bainnse.
5. Achd tugadarsan faillighe an so, agus do imthigheadar, fear dhíobh dá fhearann féin, agus fear eile chum a cheannuigheachda:
6. Agus rugadar an chuid eile dhíobh ar a shearbhfhoghantuidhibhsean, agus tugadar easonóir dhóibh, agus do mharbhadar íad.
7. Agus an tan do chúalaidh an rí so, do ghabh fearg e: agus ar gcur a shlúaghthe úadh, do sgrios sé an luchd dúnmharbhtha úd, agus do loisg sé a gcathair.
8. A deir sé an tansin ré na shearbhfhoghantuíghibh, Go fírinneach a tá an bhannis ullamh, gidheadh an dream fúair an cuireadh niór bhfiú iád é.
9. Ar a nadhbharsin imdhighsi a gcomhrac na ród, agus gidh bé ar bith dáoine do gheabhtháoí ann, goiridh chum na bainnse íad.
10. Agus ar ndul a mach do na searbhfhoghantuídhibh ar na slighthibh, do chruinnigheadar gach uile dhuine da bhfuáradar, eidir olc agus maith: agus do líonadh teagh na bainnsé do aóidheadhibh do shuidh chum bídh.
11. Agus ar ndul a sdeach do rígh dféachain ar a luch cuiridh, do chonnairc sé duine an nag nach raíbh éadach bainnse uime:
12. Agus a deir sé ris, A chompánuigh, cionnas tháinic tusa a sdeach ann so gan éadach bainnse umad? Achd ní raibh áonfhocal aigesean.
13. A dubhairt an rí ré na ghiollaidhibh an tráthsin, Ar gceangal a chos agus a lámh súd, tóguidh é, agus teilgidh ann sa dorchadus a muich é; mar a mbía gul agus gíosgán fíacal.