Mhata 22:24-34 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

24. Ag rádh, A mhaighisdir, a dubhairt Máoisi, Dá bhfagadh aonnduine bás, gan chloinn aige, pósfuidh a dhearbhrathair a bhen do dhligheadh comhfhoguis, agus tóigeabhuidh sé siól dá dhearbhráthair.

25. Agus do bhádar móirsheisear dearbhráthar eadrainne: agus tar éis mná do thabhairt don chéad duine, fúair sé bás, agus an tan nach raibh sliochd aige, do fhágaibh sé a bhean agá dhearbhráthair:

26. Agus déirghe mar an gcéadna don dara, agus don treas dearbhráthair, go soithe an seachdmhadh dearbhráthair.

27. Agus na ndiáigh úile fúair an bhean bás.

28. Ar a nadhbharsin ann sa neiséirghe, cía don mhóirsheisear da madh bean í? óir do bhí sí aca uile.

29. Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé ríu, A tá sibh ar seachrán, gan éolus na sgrioptúr, na chúmhachd Dé agaibh.

30. Oír ann sa neiséirghe ní thabhruid fir mná, agus ní tugthar mná dfearaibh, achd a táid síad mar ainglibh Dé ar neamh.

31. Achd a né nach ar léaghabhair an ní a dubhairt Día ribh, a dtimcheall eiséirghe ná marbh, ag rádh,

32. Is misi Día Abraham, agus Día Isáac, agus Día Iácob? ni hé Día Dia na marbh, achd na mbéo.

33. Agus an tráth do chúaluidh an pobal sin, do ghabh iongnadh iád tré na theagasgan.

34. Agus an tán do chúaladar na Phairisínigh gur chuir sé na Saduisínigh na dtochd, do chruinnigheadar a gceann a chéile.

Mhata 22