Mhata 22:2-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Is cosmhuil an flaitheas neamhdha ré ríghe aírighthe, do rinne banais phósda dá mhac féin,

3. Agus do chuir sé a shearbhfhoghantuidhe do ghairm na muinntire fúair cuireadh chum na bainnse: achd niór bháill leósan theachd.

4. A rís, do chuir sé shearbhfhoghantuidhe eile chuca, da rádh, Abruighsi ris an mhuinntir úd dár tugadh cuireadh, Féuch, do ullmhuigh mé mó dhínnéir; á táid mo dhaimh agus mainmhinntighe bíadhta ar na marbhadh, agus a tá gach uile ní ullamh: tigidh chum na bainnse.

5. Achd tugadarsan faillighe an so, agus do imthigheadar, fear dhíobh dá fhearann féin, agus fear eile chum a cheannuigheachda:

6. Agus rugadar an chuid eile dhíobh ar a shearbhfhoghantuidhibhsean, agus tugadar easonóir dhóibh, agus do mharbhadar íad.

7. Agus an tan do chúalaidh an rí so, do ghabh fearg e: agus ar gcur a shlúaghthe úadh, do sgrios sé an luchd dúnmharbhtha úd, agus do loisg sé a gcathair.

8. A deir sé an tansin ré na shearbhfhoghantuíghibh, Go fírinneach a tá an bhannis ullamh, gidheadh an dream fúair an cuireadh niór bhfiú iád é.

9. Ar a nadhbharsin imdhighsi a gcomhrac na ród, agus gidh bé ar bith dáoine do gheabhtháoí ann, goiridh chum na bainnse íad.

Mhata 22