15. Ag imtheachd ann sin do na Pharisíneachaibh, do chúadar a gcomhairle cionnas ghéabhadis é iona bríathruibh
16. Ar a nadhbharsin cuirid síad a ndeisciobuil féin chuige maille ré muinntir Iorúaith, ag rádh, A mhaighisdir, a tá a fhios aguinn gur ab duine fírinneach thusa, agus go dteagasgann tú slíghe De go fírinneach, agus nach bhfuil cás agad a náonnduine: óir ní fhéachann tú do phearsain na ndáoine.
17. Ar a nadhbharsin innis dúinne, créd do chíthear dhuit? An cóir cíos do thabhairt do Shéasar, no gan a thabhairt?
18. Agus ar naíthne a mailíse Diósa a dubhairt sé, Créd fa a gcuirthí cathughadh oram, a luchd an fhúarchrábhaigh?
19. Taisbéanuidh dhamh airgead an chíosa. Agus tugadarsan, pighinn chuige.
20. Agus a dubhair sé ríu, Cía dár ab íomháigh so agus cía ré a mbeanann an sgríbhinn so na thimcheall?
21. A deiridsean ris, Ré Séasar. A deir seasean ríu, an tráthsin, Ar a nadhbharsin tabhuidh do Shéasar na neither is lé Séasar; agus na neither is lé Día do Dhía.
22. Agus ar na chluinsin so, do ghabh iongantus íad, agus ar sgur dhe, do imthigheadar.
23. An lásin féin tangadar na Saduicínigh, a deir nach bhfuil eiseirghe ann chuige, agus do chuireadar ceisd air,
24. Ag rádh, A mhaighisdir, a dubhairt Máoisi, Dá bhfagadh aonnduine bás, gan chloinn aige, pósfuidh a dhearbhrathair a bhen do dhligheadh comhfhoguis, agus tóigeabhuidh sé siól dá dhearbhráthair.