Mhata 22:11-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Agus ar ndul a sdeach do rígh dféachain ar a luch cuiridh, do chonnairc sé duine an nag nach raíbh éadach bainnse uime:

12. Agus a deir sé ris, A chompánuigh, cionnas tháinic tusa a sdeach ann so gan éadach bainnse umad? Achd ní raibh áonfhocal aigesean.

13. A dubhairt an rí ré na ghiollaidhibh an tráthsin, Ar gceangal a chos agus a lámh súd, tóguidh é, agus teilgidh ann sa dorchadus a muich é; mar a mbía gul agus gíosgán fíacal.

14. Oír atá mórán ar na ngairm, agus beagán ar na dtogha.

15. Ag imtheachd ann sin do na Pharisíneachaibh, do chúadar a gcomhairle cionnas ghéabhadis é iona bríathruibh

16. Ar a nadhbharsin cuirid síad a ndeisciobuil féin chuige maille ré muinntir Iorúaith, ag rádh, A mhaighisdir, a tá a fhios aguinn gur ab duine fírinneach thusa, agus go dteagasgann tú slíghe De go fírinneach, agus nach bhfuil cás agad a náonnduine: óir ní fhéachann tú do phearsain na ndáoine.

17. Ar a nadhbharsin innis dúinne, créd do chíthear dhuit? An cóir cíos do thabhairt do Shéasar, no gan a thabhairt?

18. Agus ar naíthne a mailíse Diósa a dubhairt sé, Créd fa a gcuirthí cathughadh oram, a luchd an fhúarchrábhaigh?

19. Taisbéanuidh dhamh airgead an chíosa. Agus tugadarsan, pighinn chuige.

Mhata 22