1. Agus ar bhfreagra Diósa, do labhair sé a rís riu a gcosmhalachdaibh, ag rádh,
2. Is cosmhuil an flaitheas neamhdha ré ríghe aírighthe, do rinne banais phósda dá mhac féin,
3. Agus do chuir sé a shearbhfhoghantuidhe do ghairm na muinntire fúair cuireadh chum na bainnse: achd niór bháill leósan theachd.
4. A rís, do chuir sé shearbhfhoghantuidhe eile chuca, da rádh, Abruighsi ris an mhuinntir úd dár tugadh cuireadh, Féuch, do ullmhuigh mé mó dhínnéir; á táid mo dhaimh agus mainmhinntighe bíadhta ar na marbhadh, agus a tá gach uile ní ullamh: tigidh chum na bainnse.
5. Achd tugadarsan faillighe an so, agus do imthigheadar, fear dhíobh dá fhearann féin, agus fear eile chum a cheannuigheachda:
6. Agus rugadar an chuid eile dhíobh ar a shearbhfhoghantuidhibhsean, agus tugadar easonóir dhóibh, agus do mharbhadar íad.
7. Agus an tan do chúalaidh an rí so, do ghabh fearg e: agus ar gcur a shlúaghthe úadh, do sgrios sé an luchd dúnmharbhtha úd, agus do loisg sé a gcathair.
8. A deir sé an tansin ré na shearbhfhoghantuíghibh, Go fírinneach a tá an bhannis ullamh, gidheadh an dream fúair an cuireadh niór bhfiú iád é.