22. Agus gidh bé ar bith neither, iárrfuidhthe an bhur nurnuighe má chreidtí, do gheabhtháoi íad.
23. Agus an tráth tháinic sé don teampoll, tangadar úachdaráin na sagart agus sinnsear phobuil chuige agus é ag teagasg, ag rádh ris, Créd é an tughdarrás ré a ndéanann tusa na neithesi? agus cía thug na cumhachdasa dhuit?
24. Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé ríu, Fíafróchuidh misi mar an gcéadna dhíbhsi ní aírighthe, agus dá ninnisdi dhamh é, innéosuidh misi dháoibhsi mar an gcéadna cía an tughdarás ré a ndéanuim na neithesi.
25. Ga háith as, a dtaínic baisdeadh Eóin? ó neamh, no ó dháoinibh? Achd do smuaineadarsan ionnta féin, ag rádh, Má deirmíd, O neamh; a déara sé rinn, Ar a nadhbharsin créd fa nar chreideabhairse dho?
26. Agus má deirmid, O dháoinibh; a tá eagla an phobail oruinn; óir atá meas fáidhe ag gach uile dhuine ar Eoin.
27. Agus ag tabhair freagara ar Iósa, a dubhrádar, Ní bhfuil a fhios aguinn. Agus a dubhairt seisean ríu, Ní mó innéosadsa dháoibhse cía an túghdarrás ré a ndéanuim na neithesi.
28. Achd créd do cíthear dháoibhsi? Do bhádar días mac ag duine aírighe; agus ag teachd dionnsuighe an chédmhic, a dubhairt sé, A mhic, imthigh déana obair a niu am fhineamhain.
29. Ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé Ní dhéanad: achd na dhiáigh sin an tráth do ghabh aithreachas é, do imdhigh sé.
30. Agus ag teachd gus an dara mac, a dubhairt sé mar an gcéadna. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Do dhéan, a tighearna: gidheadh niór imthigh sé.
31. Cía don dísse do rinne toil a athar? A deiridsean ris, An céadfhear. A deir Iósa ríusan, A deirimse ribh go fírrinneach, Go dtéid na publicáin agus na sdríopacha romhaibhsi go flaitheas Dé.
32. Oír tháinic Eóin chugaibh a slighe na córa, agus niór chreideabhair dhó: achd do chreideadar na puiblicain agus na sdríopacha dhó: achd gé do chonncabhairsi so, ní dhearnabhair aithrighe na dhíaigh sin, do chum go gcreidfeadh sibh dhó.
33. Eísdigh ré cosamhlachd eile: Do bhí fear tighe áirighthe ann, do chuir fíneamhuin, agus do chuir sé fál na timcheall, agus do thochail sé ionad brúighte an fhiona innte, agus do thogaibh sé tor, agus tug sé do sgológaibh ar chiós í, agus do imthidh sé féin a gcoigcrích:
34. Agus an tráth do dhruid aimsear na dtórtha riu, do chuir sé a sheabhfhoghantuidhe chum na sgológ, do ghlacadh na dtórtha.
35. Agus rugadar na sgológa ar a shearbhfoghantuidhibh, agus do ghabhadar ar fhear dhióbh, agus do mharbhadar fear eile, agus do ghabhadar do chlochaibh ar fhear eile.
36. A ris, do chuir sé searbhfhoghantuidhe eile úadh búdh lía na an chéadchuideachda: agus do rineardarsan mar an gcéadna ríu.
37. Agus fa dheireadh do chuir sé a mhac féin chuca, ag rádh, Do bhéaruid sías onóir dom mhac.
38. Agus ar bhfaicsin an mhic do ba sgológaibh, a dubhradar eatorra féin, A sé so an toíghre; tigidh, marbham é, agus congbham a oidhreachd.
39. Agus ar mbreith air, do theilgeadar as an bhfíneamhuin a mach é, agus do mharbhadar é.
40. Ar a nadhbharsin an tráth thiocfas tighearna na fíneamhna, créud do dhéana sé ris na sgológaibh úd?
41. A deiridsean ris, Sgriosfuidh sé go díoghaltach na drochdháoine úd, agus do bhéara sé a fhineamhuin ar chíos do sgológaibh eile, do bhéara na tórtha dhó an a naimsearaibh féin.
42. A deir Iósa ríu, Nar léaghabhair a ríamh ann sna sgrioptúraibh, An chloch do dhiúltadar na sáoir, a si a tá ar ne déanamh na ceann ann sa chúaínne: a sé an Tighearna do rinne so, agus a tá sé iongantach ann ar súilibhne?