Mhata 21:13-28 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Agus a dubhairt sé ríu, Atá sgríobhtha, Goirfidhthear teach urnuighthe dom theachsa; achd do rinneabhairsi tuinídhe biothamhnach dhe.

14. Tangadar chuige an tráthsin doill, agus bacaigh annsa teampoll; agus do shlánaigh sé íad.

15. Agus an tan do chonncadar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe na míorbhuile do rinne sé, agus na leinibh ag éighmhe sa teampoll, agus ag rádh, Hósanna do mhac Dháibhí; Do ghabhadar chuca go feargach é,

16. Agus a dubhradar ris, An gluin tú créd a deirid an mhuinntirso? Agus a deir Iósa ríu, Do chluinim; a né nar léaghabhair, As béul leanabh agus náoidheanán cíche do chriochnuigh tú moládh?

17. Agus ar na bhfágbháil, do chúaidh sé amach as an gcathraigh go Betánia; agus do fhan sé ann sin.

18. Agus ag filleadh dhó chum na cathrach ar maidin, do ghabh ocarus é.

19. Agus a núair do chonnairc sé crann fige ar a tslighm táinic sé chuige, agus ní fhúair sé ní ar bith air, achd duilleabhar a mháin, agus a deir sé ris, Nar fhása toradh ó so amach go bráth ort, Agus chrión an crann fíge ar an mballsin.

20. Agus ar na fhaicsin do na deisciobluibh, do ghabh iongantus íad, ag rádh, Cionnus do mheath an crann fige ar an mball!

21. Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé riu, A deirim ribh go firinneach, Má bhíonn creideamh agaibh, agus nach ccuirfithí cunntabhairt ann, ni hé a mháin a nísi thárla don chrann fíge do dhéantháoi, achd mar an gcéadna má a deartháoi ris an tslíabhso, Tógthar thú, agus teilgthear ann sa bhfairge thú; bíaidh sin deanta.

22. Agus gidh bé ar bith neither, iárrfuidhthe an bhur nurnuighe má chreidtí, do gheabhtháoi íad.

23. Agus an tráth tháinic sé don teampoll, tangadar úachdaráin na sagart agus sinnsear phobuil chuige agus é ag teagasg, ag rádh ris, Créd é an tughdarrás ré a ndéanann tusa na neithesi? agus cía thug na cumhachdasa dhuit?

24. Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé ríu, Fíafróchuidh misi mar an gcéadna dhíbhsi ní aírighthe, agus dá ninnisdi dhamh é, innéosuidh misi dháoibhsi mar an gcéadna cía an tughdarás ré a ndéanuim na neithesi.

25. Ga háith as, a dtaínic baisdeadh Eóin? ó neamh, no ó dháoinibh? Achd do smuaineadarsan ionnta féin, ag rádh, Má deirmíd, O neamh; a déara sé rinn, Ar a nadhbharsin créd fa nar chreideabhairse dho?

26. Agus má deirmid, O dháoinibh; a tá eagla an phobail oruinn; óir atá meas fáidhe ag gach uile dhuine ar Eoin.

27. Agus ag tabhair freagara ar Iósa, a dubhrádar, Ní bhfuil a fhios aguinn. Agus a dubhairt seisean ríu, Ní mó innéosadsa dháoibhse cía an túghdarrás ré a ndéanuim na neithesi.

28. Achd créd do cíthear dháoibhsi? Do bhádar días mac ag duine aírighe; agus ag teachd dionnsuighe an chédmhic, a dubhairt sé, A mhic, imthigh déana obair a niu am fhineamhain.

Mhata 21