Mhata 20:15-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. A né nach ceaduigheach dhamhsa an ní is toil leam féin do dhéanamh rém chuid féin? An bhfuil do shúilsi go holc, air son go bhfuilimsi maith?

16. Is mar sin béid na dáoine deighionach air tosach, agus na céad dáoine air deireadh: oir a ta mórán ar na ngairm, agus beagan ar na dtogha.

17. Agus ag dul súas Diosa go Hiárusalém rug sé an dá dheisciobal déag leis fa leith ann sa tsligh, agus a dubhairt sé ríu.

18. Féuch, a támáoid ag dul súas go Hiarusaleim; agus do bhéarthar Mac an duine dúachdaránaibh na sagart agus do na scríobuighibh, agus béaruid síad breath bháis air.

19. Agus do bhéaruid síad do na cineadhachduibh e do chum go ndéindís fonámhad fáoi, agus go sgiursfaidís, agus go grochfaidis é: achd an treas lá éiréochaidh sé a rís.

20. Thainic máthair chlionne Shebedei chuige an tráthsin, maille ré na maca, dá onórughadh, agus ag iárruidh neither áirighe air.

21. Agus a dubhairt seisean ría, Créd í do thoil? A deir sis iris, Abair go suidhfid an diás macso agamsa, aón aca ar do láimh dheis, agus aon eile ar do láimh chlé, ad rioghachd.

22. Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt, Ni bhfuil a fhios agaibh créd iárrtháoi. A neidir libh an cupán íobhas misi dól, agus bhur mbaisdeadh leis an mbaisdeadh le a mbaisdear misi? A dubhradarsan ris, Is éidir.

23. Agus a deir seisean riu, Iobhtháoi go deimhin dom chupánsa, agus baisdfidhthear sibh leis an mbaisdeadh lé a mbaisdear misi: achd suighe ar mo láimh dheis, agus chlé, ní leamsa a thabhairt, achd bheirar don dreim dá bhfuil sé ar na ullmhughadh ó Mathair.

24. Agus an tráth do chúaladar an deichneabhar eile so, do bhí neimhchion aca ar an días dearbhráthar.

25. Agus ar na ngairm chuige Diósa, a dubhairt sé, Atá a fhios agaibh go bhfuil úachdaránachd agá dtighearnuibh ar na Cineadhachaibh, agus go bhfuilid na dáoine móra trén orrtha.

26. Gidheadh ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd giodh bé neach lé madh mían bheith mór eadruibh, bíodh sé na sheirbhiseach agaibh;

Mhata 20