15. Agus do bhí se ann sin go bás Iorúaith: do chum go gcoimhlíonfuighthe an ní a dubhairt an Tighearna leis an bhfaigh, a deir, Do ghoir mé mo mhac as a Néigipt.
16. Ann sín an tan do chonnairc Iorúaith, go ndearnadar na dráoithe fonómhad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úadh, do mharbh sé a raibh do leanbaibh-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaibh uile, ó áois dhá mblíadhan nó fáoi, do reír na haimsire dfoghluim sé go dithchiollach ó na dráoithibh.
17. Is annsin do coimhliónadh an ní, a dubhairt Ieremías an fáigh, a deir,
18. Do chlos gurh a Ráma, cáoí, agus gul, agus úallfurtach romhór, Rachel a cáoineadh a cloinne, agus níor bháil le sólás do ghlacadh, tré nach rabhadar.
19. Agus an tan fúair Iorúaith bás, féuch, do toibhreadh aingeall an Tighearna a mbriónglóid do Ióseph sa Néigipt.
20. Ag rádh, Eírigh, gabh chugad an leanabh agus a mhathait, agus imthigh go talamh Israél: óir fúaradar an dream do bhí ag iárruidh anma an leinibh bás.
21. Agus do eírigh seisean, agus do ghabh sé an leanabh agus a mhathair chuige, agus tainic sé go talamh Israél.