22. A deir Iósa ris, Ni abruim riot, Gus an seachdmhadh húair a mháin: achd, Go soithe seachdmhoghad seachd nuáire.
23. Ar a nadhbharsin is cosmhuil ríoghachd neimhe ré rí aírighthe, lér bháill cúntas do dhéanamh ré na shearbhfoghantuidhibh.
24. Agus an tráth dó thíonnsgain sé cúntas do dhéanamh, tugadh chuige neach, dár dhligh sé deich mile talann.
25. Agus an tan nar bhéidir leis na fiáchaso ióc, do aithin a thighearna é féin agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige, do reic, do chum na bhfíach do dhíol.
26. Ar a nadhbharsin ag déanamh úmhla don tsearbhfhoghantuighe sin, do íarr sé athchuinghidh air, ag rádh, A thighearna déana foighid rióm, agus do bhéara mé an tiomlán dhuit.
27. Ann sin ar ngabhail trúaighe moiré tighearna a nógláoich úd, do léig sé úadh é, agus do mhaith sé na fíacha dhó.
28. Agus ag dul a mach don tsearbhfhoghantuigh úd, fuáir sé áon dá choimhshearbhfhoghantuidhibh féin, dar dhligh sé céd phighinn: agus ar na fhosdadh, rug sé ar sgórnuigh aír, ag rádh, Díol rium an ni dhligheas tú.
29. Agus ag tuitim da chomhshearbhfhoghantuidhe agá chosuibhsean, do ghuidh sé é, ag rádh, Deana foighid riom, agus do bhéara mé an tiomlan duit.
30. Achd nior bháill leisean sin: achd ar nimtheachd dó do theilg sé a bpriosún é, no go niocadh sé na fíacha.
31. Agus an trath do chonncadar a choimhshearbhfhoghantuidhesion ne neither do rinneadh, do ghabh doilgheas romhór íad, agus thangadar agus do fhoillsigheadar dá dtighearna gach ní dá ndearnadh ann.
32. Annsin do chuir a thighearna fios airsean, agus a deir sé ris, A dhroichshearbhfhoghantuidh, do mhaith mé na fíacha úd uile dhuit, do bhrígh gur chuir tú impidhe oram:
33. Agus a né nar choir dhuitsi trócaire do déanamh ar do choimhshearbhfhoghantuidh féin, amhail agus mar do rinne misi trócaire ortsa?
34. Agus ar ngabháil féirge a thighearna, thug sé do na céasadóiribh é, no go niócadh sé a fhíacha uile ris.
35. Agus is mar sin do dhéana Máthair neamhdhasa ribhsi, muna maithfe gach áonduine agaibh da dhearbhrathair ó bhur gcroidhthibh a gcionnta.