13. Agus ma theagmhan go bhfaghann sé í, a deirmsi ribh go fírinneach, gur ab mó a lúathgháir tríthe, ná ar son na náoi gcáorach ndeg agus cheithre fichid nach deachuidh ar seachrán.
14. Mar an gcéadna ní hí toil bhur Natharsa a tá ar neamh, go rachadh éinneach do na dáoinibh a mugha.
15. Achd ma pheacuigheann do dhearbhrathair ad aghuidh, imthigh agus spreag é eadrad féin agus é féin amhain: agus má éisteann sé riot, do ghnodhuigh tú do dhearbhráthair.
16. Agus muna éisde sé riot, beir leachd fós duine no días eile, do chum go mbíodh gach éinní seasmhach a mbéul deisi no triur dfíadhnuisibh.
17. Agus ma dhíultann sé iádsan déisdeachd, innis do neagluis: agus ma dhíultann sé a neagluis déisdeachd, bíodh meas pagánuigh agus puibliocáin agad air.
18. Go firinneach deirimsi ribh, Gidh bé ar bith neither cheangóltáoi ar talamh biáidh síad ceangailte ar neamh: agus gidh bé ar bith neither sgáoilfidhe ar talamh bíaidh sgáoilt ar neamh:
19. A rís a deirim ribh, Má theagmhann días agaibh ar áon fhocal ar talamh a dtimcheall gach uile ní íarruid síad, go bhfuighid síad é ó Mathairse a tá ar neamh.
20. Oir gidh be aít ann a bhfuilid días nó tríur ar ná gcruinneaghadh am ainmsi, a táimsí ann sin ann a lár súd.
21. Ar ndul do Pheadar na ionnsaidh an tráth sin, a dubhairt sé, A Thighearna, gá a mhioncachd do dheana mo dhearbhráthair coir a maghaidh, agus mhaithfeas mé dhó? an go nuige an seachdmhadh húair?