1. Anuarsin tangadar a dheisciobuil chum Iósa, ag rádh, Cía is mó ann sa rioghachd neamhdha?
2. Agus ar ngairm léinibh bhig chuige Diósa, do chuir sé an a lársan é.
3. Agus a dubhairt sé, Go fírinneach a deirim ribh, Muna bfhilltí, agus muna mbeithí mar leanbána, nach rachdaoi a sdeach do rioghach neamhdha.
4. Ar a nadhbharsin giodh bé ísléochus é féin mar an leanbanso, a sé sin is mó á rioghachd neimhe.
5. Agus gidh bé neach gheabhus chuige énleanbán da leithid so am ainmsi gabhuidh sé misi chuige.
6. Agus gidh bé neach bhéaras oilbhéim déinneach don mhuinntir bhigsi chreideas ionnamsa, do bfearr dhó cloch mhuilinn do chrochadh fan a mhuinél, agus a bháthadh a ndubhaigén na fairge.
7. Is mairgneach don domhan ar son oilbheimeann! oir is éigin do na hoilbhéimeannaibh teachd; achd cheana is anáoibhin do duine tré a dtig an toilbhéim!