Mhata 18:1-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Anuarsin tangadar a dheisciobuil chum Iósa, ag rádh, Cía is mó ann sa rioghachd neamhdha?

2. Agus ar ngairm léinibh bhig chuige Diósa, do chuir sé an a lársan é.

3. Agus a dubhairt sé, Go fírinneach a deirim ribh, Muna bfhilltí, agus muna mbeithí mar leanbána, nach rachdaoi a sdeach do rioghach neamhdha.

4. Ar a nadhbharsin giodh bé ísléochus é féin mar an leanbanso, a sé sin is mó á rioghachd neimhe.

5. Agus gidh bé neach gheabhus chuige énleanbán da leithid so am ainmsi gabhuidh sé misi chuige.

6. Agus gidh bé neach bhéaras oilbhéim déinneach don mhuinntir bhigsi chreideas ionnamsa, do bfearr dhó cloch mhuilinn do chrochadh fan a mhuinél, agus a bháthadh a ndubhaigén na fairge.

7. Is mairgneach don domhan ar son oilbheimeann! oir is éigin do na hoilbhéimeannaibh teachd; achd cheana is anáoibhin do duine tré a dtig an toilbhéim!

8. Achd má bheir do lámh no do chos adhbhar oilbhéime dhuit, gearr dhiót, agus teilg uaít íad: is fear dhuit dul a sdeach do bheathaidh bacach díbhallach, ná dhá láimh agus dhá chois do bheíth agad agus do theilgean ann sa teinidh shiórruidhe.

9. Agus má bheir do shúil adbhar oilbhéime dhuit, bean asad, agus teilg uáit í: is fear dhuit dul don bheathaidh ar leathshúil, n dhá shuil do bheith agad agus do theilgean a dteinidh ifeirn.

10. Tabhruidh dá bhur naire nach dtabhartháoi tarcuisne air éinneach don mhuinntir bhigsi; oír a deirim ribh, Go bhfaicid a naingilsion aír neamh do ghnáth aghaidh Mhatharsa a tá ar neamh.

11. Oír táinic Mac an duine do shabháil an neither do chúaidh a mugha.

12. Créd do chithear dháoibh? Dá mbeith céad cáora ag áonduíne, agus go rachadh áoncháora dhíobh ar seachrán, a né nach bhfúigeadh sé na náoi gcáoiridh déag agus ceithre fichid, agus nach rachadh sé ar na sléibhthidh, diárruidh na cáorach do chúaidh air seachrán?

13. Agus ma theagmhan go bhfaghann sé í, a deirmsi ribh go fírinneach, gur ab mó a lúathgháir tríthe, ná ar son na náoi gcáorach ndeg agus cheithre fichid nach deachuidh ar seachrán.

14. Mar an gcéadna ní hí toil bhur Natharsa a tá ar neamh, go rachadh éinneach do na dáoinibh a mugha.

Mhata 18