Mhata 14:26-36 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

26. Agus an tan do chunnacadar a dheisciobail é ag siobhal air an bhfairge, do bhádár air na mbuaidhreadh, ag rádh, Is gósda é; agus do éimhgheadar lé heagle.

27. Agus do labhair Iósa ríu air an mball ag rádh, Biódh meisneach maith agaibh; is Misi a tá ann; ná bíodh eagla oraibh.

28. Agus tug Peadar freagra air agus a dubhairt sé, A Tighearna, más tu atá ann, aithin díomsa dul ad choinne air na huisgidhibh.

29. Agus a dubhairt seisean, Tárr. Agus an tan do chúaidh Peadar sios as an luing do shiobhail se ar na huisgidhibh, do chum teachd go Hiósa.

30. Achd an tan do chonnairc sé an gháoth laidir, do ghabh eagla é; agus a núair do thionnsgain sé dul a níochdar, do sgread se, ag rádh, A Thighearna, fóir orum.

31. Agus ar síneadh a láimhe ar an mball Diósa, rug sé air, agus a deir sé ris, A fhir an chreidimh bhig, créd far ghabh cuntabhairt thú?

32. Agus an tan do chúadar a sdeach ann sa luing, do choisg an gháoth.

33. Agus tangadar an luchd do bhí sa luing, agus donóriogheadar é, ag rádh, Go firinneach is tusa Mac Dé.

34. Agus an tan do chúadar tar úisge, tangadar go talamh Genesaret.

35. Agus an tan do aithnidheadar luchd na háitesin é, do chuireadar fios air feadh na tíresin uile ar gach táobh dhíobh, agus tugadar gach a raibh easlán chuige;

36. Agus do chuireadar impidhe air go mbáinfidís lé himeal a éaduigh amháin: agus an mhéid díobh do bhean do slánaigheadh íad.

Mhata 14