Mhata 12:9-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus tar éis imtheachda as sin do, tháinic sé dá sionagóig súd.

10. Agus, féuch, do bhí duine an nag a raibh lamh sheargthuighe. Agus do fhiofruigheadar dhe, ag rádh, An ceaduightheach leigheas do dhéanamh annsa tsáoire, iónus go gcuirfidis cuis air.

11. Achd a dubhairt séisean ríu, Cía agaibhsi duine, agá mbíadh áoncháora a mháin, agus dá dtuiteadh sí air an tsaoire a bpoll, nach mbéaradh uirrthe, agus nach dtoigeabhadh a niós í?

12. A né nach mór is fear duine na cáora? Ar a nadhbharsin is ceaduightheach maith do dhéanamh air an tsáoire.

13. Ann sin a deir seisean ris an duine, Sín a mach do lámh. Agus do shin; agus do bhí sí ar na haiseag slán, mar an láimh eile.

14. Agus ar ndul a mach do na Pharisineachaibh, do chúadar a gcomhairle na aghaidhsean, do chum go millfidís é.

15. Agus an tan do aithin Iósa so, do imthigh sé as sin: agus do lean slúagh mór é, agus do shlánaigh sé íad uile;

16. Agus do rinne sé bagar orrtha do chum nach déanaidís follus é.

17. Do chum go gcoimhlíonfuidhthe an ní a dubhradh tré Esaías faidh, a deir,

Mhata 12