27. Agus mas le cumhachdaibh Bheilsebub theilgimsi a mach na deamhain, cía lé a dteilgid bhur gclannsa a mach úid? air a nadhbharsin béid siadsan na mbreitheamhuin oraibhse.
28. Achd más lé Spioruid Dé theilgimsi a mach na deamhain, tháinic rioghachd Dé chugaibhsi go deimhin.
29. No cionnas is éidir lé héinneach dul go tigh dhuine láidir, agus a airnéis tighe dfúadach leis, muna gceangluidh sé ar tús an duine láidir? agus ann sin sladfuidhe sé a thigh.
30. Giodh bé nach bhfuil leamsa a tá sé a maghaidh; agus giodh bé nach ccruinnigheann leamsa scahuighe sé.
31. Air a nadhbharsin a deirim ribh, Go maithfidhthear gach peacadh agus gach blaspheíme do na dáoinibh: gidheadh ní maithfidhthear do na dáoinibh, blaspheíme a naghaidh an Spiorad Naóimh.
32. Agus giodh bé neach a déaraidh focal a naghaidh Mhic an duine, maithfidhthear dhó é: achd giodh bé neach laibhéoras a naghaidh an Spiorad Naóimh, ní maithfidhthear dhó é, ann sa tsáoghalso, ná ann sa tsáoghal a tá a teachd.
33. Ceachdar do dha ní, déanaidh an crann maith, agus a thoradh maith; no déanaidh an crann lobhtha, agus a thoradh lobhtha: óir is as a thoradh aithéantar an crann.
34. An shliochd na naithreach neimhe, cionnas is éidir libh neithe maithe do labhairt, ó a tá sibh féin go holc? Óir is as anlán an chroidhe labhrus an béul.